Inis Dhun Ramha

Skara Brae
앨범 : Skara Brae


Rí na cruinne gan mé 's tú i n-Iorras
Nó thiar in Inis Dhún Rámha
Ar Bhruach na Finne le taobh na tuinne
Ag Féachaint loingis thar sáile
Dá mhéid ár dtuirse 's gan aoineach againn
Ach geag an duilliúr ár sábhail
'Sé deirfeadh gach duine gur lách ár n-imeacht
Mar d'éalaigh Diarmuid le Gráinne
Aréir go bhfaca mé féin in m'aisling
Mar bheadh sí ar bhácan mo láimhe
'N spéirbhean mhaiseach mar aon-bhrat sneachta
Dá mbíodh gan caisgairt a dhéanamh
Taobh na macnaidhe da mbíodh in m'aice
Mar chéile leála gan airnéis
S' é béilín meala a leigheasadh mo ghalar
'S a bhéarfadh mó cholann 'un sláinte
Dá mbínn mo bharrún ní dhéanfainn dabhar
Ar spré bó capall nó caorach
Dá bhfaghainn-sé 'n ainnir 'na suí le m'aice
Nó í 'na seasamh go h-aerach
Tá gné ar a craiceann míl' uair níos taithmhaigh
Ná írigh mhaiseach na gréine
'S ní breag a chanaim ach is fíor a n-abraim
Gurab í thug mais' ar gach maighdean

관련 가사

가수 노래제목  
Red Hot Chili Peppers Slow Cheetah  
Chrno Crusade アズマリアの絶臻  




가사 수정 / 삭제

댓글목록

등록된 댓글이 없습니다.